Maith sibh a dhaltaí Bl8 a bhí páirteach i gcomórtas ‘Slua-amhránaíocht’ Scléip 2018. Bhí idir cheol, amhránaíocht agus damhsa den scoth léirithe ag daltaí 8a in Amharclann an Alley, an Srath Bán, i Mí na Samhna. Chuir Cailín an-obair isteach sa taispeántas iontach seo agus bhain na daltaí an-sult as an eispéireas a bhí acu sa chomórtas. Is cinnte go mbeidh tuilleadh ócáidí spraíúla ag an ghrúpa seo daltaí amach anseo agus iad ag forbairt a gcuid talainne i nGaelcholáiste Dhoire sa todhchaí.
Year 8 students prepared an entry for the Scléip competition this year and took to the stage in the Alley Theatre in Strabane to showcase their talent.