Tháinig Bus Sábháilteacha Translink chun na scoile le ceardlann a dhéanamh le BL8 agus le BL9. D’fhoghlaim na daltaí an tábhacht a bhaineann le crios sábhála a chaitheamh, fáthanna a bhfuil teilifís ciorcad iata ar na busanna agus pléadh iompar frithshóisialta, loitiméireacht agus an tionchar a imríonn a leithéid ar shaol daoine óga.
Rinneadh plé ar bhéasaíocht, ag léiriú measa ar phaisinéirí eile, áit chuí do mhálaí scoile agus an dóigh le dul ar bord agus teacht amach as an bhus go sábháilte. Is cinnte gurbh fhiúntach an t-am a chaith na ranganna uilig ar an bhus agus bhi iontas orthu go raibh Gaeilge ag duine de lucht traenála Translink - tá súil againn nach fada go mbeidh comharthaíocht dhátheangach ar bhusannna an cheantair chomh maith!
Translink welcomed Year 8 and 9 pupils aboard the Safety Bus during a recent visit to the Castle. Pupils were educated on the safety features of buses including the importance of wearing seatbelts and the reason for on board CCTV. Using a range of videos, education packs, props and lots of enthusiasm, the Translink safety officers highlighted how issues such as vandalism and antisocial behaviour can affect young people, as well as offering sound advice on general bus etiquette, such as respecting other passengers and safely boarding and alighting a bus.