Bhí daltaí ó Ghaelcholáiste Dhoire mar chuid de thoscaireacht ó Ghaelscoileanna a thug aghaidh ar Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil an mhí seo caite. Ba léir na buntáistí a bhaineann le haitheantas oifigiúil na Gaeilge dóibh siúd a bhí ann agus léiríonn muid ár dtacaíocht don Acht athuair. #achtanois!
Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar na daltaí go raibh áit lárnach ag an Ghaeilge san AE. Bhí fógraíocht i nGaeilge ar fud na cathrach agus bhí seomra don ateangaire le Gaeilge le sonrú sa halla tionól. Is féidir go mbeidh cuid de na daltaí céanna ar ais ar feadh tréimhse le seal a chaitheamh ag obair d’institiúidí an AE am éigin sa todhchaí.
D’fhan na daltaí i Institiúid na hÉireann sa Leuvain, atá lonnaithe i gColáiste na nGael. Chaith Aodh Ó Néill tréimhse anseo ag tús an seachtú chéad déag i ndiaidh dó imeacht óna thír dhúchais agus tá stair fada agus ársa ag an Choláiste. Bhí eispéireas den scoth ag na daltaí agus iad thall.
Gaelcholáiste Dhoire pupils were part of a delegation of IM schools in Brussels this term visiting the European Parliament. As well as meeting MEPs Liadh Ní Riada and Martina Anderson who organised the trip, learning first hand about the opportunities for Irish speakers in the EU, the students were given a guided tour of the Parlamentarium, all through Irish. The trip has highlighted the practical implications of official recognition for the Irish Language to our pupils and we throw our weight behind our community's demand for an Acht once again.