Nuacht

Comórtas na nEolaithe Óga | BT Young Scientist Competition Comórtas na nEolaithe Óga | BT Young Scientist Competition Wednesday, 11 January 2017 Tá triúir dhalta ó Bhliain 9 ag iomaíocht i gComórtas na nEolaithe Óga 2017...
Seaimpín na hÉireann Seaimpín na hÉireann Tuesday, 10 January 2017 Bhí bua nach beag ag Sé Óg, dalta an darna bhliain, ag an deireadh seachtaine...
Cosaint an pháiste Cosaint an pháiste Monday, 07 November 2016  Is í Susan Uí Mhianáin an Múinteoir Ainmnithe i nGCD maidir le Cosaint an...
Paraimhíochaineoirí don lá Paraimhíochaineoirí don lá Wednesday, 26 October 2016 Thug an tSeirbhís Otharchairr cuairt ar ár ndaltaí an tseachtain seo le foghlaim...

Parents, governors, community representatives and education authorities joined pupils and staff to mark the historic first day of class for Gaelcholáiste Dhoire

Bhí tocht i nglór Príomhoide nua an Ghaelcholáiste agus é ag cur fáilte roimh an slua beag a bhí i láthair le hoscailt na scoile a cheiliúradh.  Beidh oscailt oifigiúil ag an scoil níos moille sa bhliain ach ba mhian leis an oiread sin daoine a ghlac páirt san fheachtas leis an scoil a bhunú agus san obair leis an scoil a ullmhú, bheith ann nuair a d’oscail an scoil na doirse- mar sin chuir údarais na scoile an deis sin ar fáil. 

B’iontach an radharc nuair a ligeadh isteach an 14 dalta a bhí gléasta go snasta ina gcultacha scoile nua, le tús a chur lena gcuid oideachais sa Ghaelcholáiste agus ba shoiléir na scitimíní a bhí ar ghach duine a bhí i láthair.  Thuig muid uilig go raibh clochmhíle suntasach i stair na Gaelscolaíochta ó thuaidh bainte amach agus gur phribhléid a bhí an bheith i láthair agus a bheith rannpháirteach san ócáid.

Labhair Maighréad Uí Mháirtín (Comhairleoir Oideachais Bhord Ghobhnóirí na scoile) leis na daltaí, bhí cúpla focal ag an tAth Ó Raghallaigh agus ghabh Cathaoirleach na scoile, Niall Ó Catháin buíochas leis na daoine a chuidigh ar iliomad bealaí an scoil a bhunú.

Rinne Diarmaid Ua Bruadair, Príomhoide na scoile, tagairt do bhallaí bána an chaisleáin agus iad nua-phéinteáilte ón tseachtain seo chaite.  Mhaigh sé go raibh siad mar a bheadh canbhás bán ann.  Is iad na daltaí, an fhoireann agus pobal na Gaeilge i gCo Dhoire a dhéanfaidh an canbhás bán sin a dhathú sna míonna agus sna blianta romhainn.  Táimid ag dúil go mór leis!!

 

 

FÉILIRE NA SCOILBLIANA

December 2017
Mon Tue Wed Thu Fri Sat Sun
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31


jobadvert

Nuacht Agus Imeachtai

Lá Oscailte Dé Sathairn 21ú Eanáir, 11.00 r.n

Open Day Saturday 21st Jan 11.00 a.m

 

button reamheolaire 2017

Contact us

DÉAN TEAGMHÁIL LINN

Gaelcholáiste Dhoire
Caisleán Dhún Geimhin
Dún Geimhin
Co Dhoire
BT47 4LF
 
Fón: 028 7774 1015

Connect with us

We're on Social Networks. Follow us & get in touch.