Parents, governors, community representatives and education authorities joined pupils and staff to mark the historic first day of class for Gaelcholáiste Dhoire

Bhí tocht i nglór Príomhoide nua an Ghaelcholáiste agus é ag cur fáilte roimh an slua beag a bhí i láthair le hoscailt na scoile a cheiliúradh.  Beidh oscailt oifigiúil ag an scoil níos moille sa bhliain ach ba mhian leis an oiread sin daoine a ghlac páirt san fheachtas leis an scoil a bhunú agus san obair leis an scoil a ullmhú, bheith ann nuair a d’oscail an scoil na doirse- mar sin chuir údarais na scoile an deis sin ar fáil. 

B’iontach an radharc nuair a ligeadh isteach an 14 dalta a bhí gléasta go snasta ina gcultacha scoile nua, le tús a chur lena gcuid oideachais sa Ghaelcholáiste agus ba shoiléir na scitimíní a bhí ar ghach duine a bhí i láthair.  Thuig muid uilig go raibh clochmhíle suntasach i stair na Gaelscolaíochta ó thuaidh bainte amach agus gur phribhléid a bhí an bheith i láthair agus a bheith rannpháirteach san ócáid.

Labhair Maighréad Uí Mháirtín (Comhairleoir Oideachais Bhord Ghobhnóirí na scoile) leis na daltaí, bhí cúpla focal ag an tAth Ó Raghallaigh agus ghabh Cathaoirleach na scoile, Niall Ó Catháin buíochas leis na daoine a chuidigh ar iliomad bealaí an scoil a bhunú.

Rinne Diarmaid Ua Bruadair, Príomhoide na scoile, tagairt do bhallaí bána an chaisleáin agus iad nua-phéinteáilte ón tseachtain seo chaite.  Mhaigh sé go raibh siad mar a bheadh canbhás bán ann.  Is iad na daltaí, an fhoireann agus pobal na Gaeilge i gCo Dhoire a dhéanfaidh an canbhás bán sin a dhathú sna míonna agus sna blianta romhainn.  Táimid ag dúil go mór leis!!