Patricia McMaster, Principal of Bunscoil Naomh Bríd, Tír Chiana visited Gaelcholáiste Dhoire this week to see how her former pupils were settling in.

Ba dheas an cuairt a bhí againn Dé Luain na seachtaine seo nuair a bhuail Patricia McMaster, Príomhoide ar Bhunscoil Naomh Bríd, isteach le turas a fháil ar an scoil agus lena hiardhaltaí a fheiceáil.

Bunaíodh na chéad bhunscoil Gaeilge i gceantar tuaithe an chondae i gceantar Mhachaire Rátha ag tús na 1990í agus bhog sé amach go Tír Chiana go luath ina dhiaidh sin. Tá naonúr dalta againn anseo sa Ghaelcholáiste a d’fhreastail ar Bhunscoil Naomh Bríd agus bhí siad an-shásta Patricia a fheiceáil sa scoil nua. Bhronn Patricia Cros Bhríde déanta as cré umha ar an Ghaelcholáiste.

Creidimid go láidir gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus gur chuid lárnach den Ghaelscolaíocht an tógáil pobail. Beidh cupán tae agus fáilte i gcónaí i roimh múinteoirí, cúntóirí agus príomhoidí na mbunscoileanna anseo i gGaelcholáiste Dhoire.

 

IMG 8451