Chuir sé lúcháir an domhain orainn fáilte a chur roimh sheanfhondúirí Dhún Geimhin agus ní bfhaide ón bhaile chuig Gaelcholáiste Dhoire i ndiaidh na scrúduithe le ceiliúradh a dhéanamh ar an Nollaig.

 

Ba threoraí turais iad na daltaí ag glacadh bunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe ar cuairt thart ar an scoil agus níorbh fhada go raibh gach duine ag ceol agus ag caint.

Is iomaí cló a bhí ar Chaisleán Dhún Geimhin agus tá seanaithne ag muintir na háite ar an fhoirgneamh ina riochtaí éagsúla thar na blianta. Chuir iar-chomhalta tionóil an cheantair, Francis Brolly, in iúl don lucht éisteachta go raibh cóiríocht mhaith tithíochta ag trí chlann i nDún Geimhin nuair a bhí an caisleán roinnte ina thithe cónaithe agus gurbh é Clann Uí Bhrollaigh a chur fúthu san áit ina bhfuil halla tionóil na scoile sa lá atá inniu ann. Thug Francis achoimre iontach ar stair chorrach an chaisleáin dóibh siúd a bhí i láthair agus é ag dul siar ar bhóithrín na smaointe. D’aontaigh gach duine a bhí i láthair gurbh iontach an gaisce é Seanáras na nGael a bheith ar ais ag na Gaeil!  

 

It was a pleasure to welcome older members of our community and from further afield to Gaelcholáiste Dhoire after the end of term exams to help us celebrate Christmas. Pupils were on hand to take founding members of Gaeltacht Bhóthar Seoigh on a tour of the school before participating in a morning of songs and stories with both young and old joining in the festivities.

Many of our more senior residents in Dungiven have enjoyed events in Dungiven Castle in its previous incarnations and recalled childhood memories of the building.  One interesting reminiscence was that the castle was previously divided into living quarters for locals with our school assembly hall housing local stalwart and former MLA, Francis Brolly and his family in their youth. Francis provided the pupils and visitors with a fascinating overview of the multi-faceted history of Caisleán Dhún Geimhin, with all in attendance sharing Francis’ delight that this landmark heritage site is once again in the hands of the Gaeil.