A mysterious visitor to Gaelcholáiste Dhoire left a present for all the students in November.  A bagful of individualized hurls were left at the front door with all of the founding students names on them! 

 

Nuair a bhain Diarmaid an scoil amach maidin amháin i mí na Samhna tháinig sé ar mhála ag an phíomhdhoras.  Bhí sé amhrasach ar dtús agus níorbh mhian leis baint den phacáiste seo ar chor ar bith ach faoi dheireadh tháinig misneach chuige agus d’oscail sé é.

Bhí beart chamáin fágtha isteach ag cara de chuid na scoile agus ainm gach dalta mar aon le siombal na scoile greanta ar an adhmad, 

Bronnadh camán ar ghach dalta ag tionól speisialta a d’eagraigh muid sa scoil agus bhí gliondar agus áthas orthu uilig.

Ní fios go fóill cé a d’fhág isteach na bronntanais iontacha seo ach is cinnte go ndeachaidh sé i bhfeidhm go mór ar scoilphobal Ghaelcholáiste Dhoire agus táimid uilig iontach buíoch gur tháinig “Síoig na gCamán” ar cuairt!

Susan agus Séanna