Gaelcholáiste Dhoire

Áiseanna Spóirt d’imreoirí an Ghaelcholáiste

Students at present walk to the local leisure centre to engage in their PE lessons and while the facilities are second to none, the school has been campaigning for our own facilities since 2017. The Department of Education has now
18-Meán Fómhair-20

Cé go bhfuil na háiseanna spóirt i Sólann Dhún Geimhin nua-aimseartha, cuimsitheach agus tarraingteach, níl aon dabht ach go mbíonn an tsiúlóid anonn chucu dúshlánach ag múinteoirí agus daltaí ar aon. Bíonn seo amhlaidh go háirithe agus an drochaimsir linn i rith an Gheimhridh.

Tá súil againn nach mbeidh ar ár ndaltaí an turas sin a dhéanamh níos mó mar go mbeidh ár n-áiseanna spóirt féin againn ar shuíomh na scoile faoi mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo.

Ní an spórt amháin a bhainfidh tairbhe as na háiseanna nua ach beidh an halla mór fóirsteanach fá choinne ceolchoirmeacha, drámaí agus tionóil chomh maith.

Is fada gan na háiseanna fisiceacha cuí muid anseo sa Ghaelcholáiste ach ní fada anois go mbeidh deireadh leis an easpa áiseanna agus go mbeidh daltaí na scoile ábalta gach rang agus imeacht a dhéanamh ar shuíomh s’againn féin!


Students at present walk to the local leisure centre to engage in their PE lessons and while the facilities are second to none, the school has been campaigning for our own facilities since 2017. The Department of Education has now agreed to buy and refurbish the unused Dungiven Pavilion which will provide a sports hall, changing facilities as well as a canteen and three classrooms for our pupils. This exciting project is due to be completed in October and will mean that pupils will have all of their teaching on the School site for the first time. The completion of this programme will also mean that the town will have another high quality indoor facility that can be accessed for community use.

No events found
10-Ean-2024
Tá fáilte roimh thuismitheoirí / chaomhnóirí pháistí Rang 7 nach féidir freastal ar an lá oscailte teacht chuig an scoil Dé Máirt 16ú Eanáir idir 6-7 in. Parents/guardians of P7 children who are unable to attend the Open Day are welcome to visit the
Caisleán Dhún Geimhin, Dún Geimhin, Co Dhoire, BT47 4LF.
028 7774 1015
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste Dhoire