Gaelcholáiste Dhoire

Eochairchéim 3 | Key Stage 3

Níl áit níos fearr ná Gaelcholáiste Dhoire i dtaca lena aithint cad é atá ar eolas ag daltaí Gaelscoile, tógáil ar an oideachas atá faighte acu ina nGaelscoil agus forbairt dá réir a dhéanamh ar na scileanna agus inniúlachtaí ar leith atá acu. Tá ár bhfoireann ghairmiúil agus tiomanta dírithe ar a chinntiú go mbaineann na daltaí sult as bheith ag foghlaim.

Gaelcholáiste Dhoire is ideally placed to take account of what Gaelscoil pupils know, build on the education they have received in their primary education and further develop their unique skills and abilities. The committed aim of our highly professional and dedicated staff is to ensure that learning is enjoyable. __________________ ________________________

Déanann na daltaí a thagann ar Ghaelcholáiste Dhoire staidéar ar 16 ábhar san iomlán, rud a chomhlíonann riachtanais an Churaclaim athbhreithnithe ag Eochairchéim 3:

A pupil entering Gaelcholáiste Dhoire studies a total of 16 subjects which meets the requirements of the revised Curriculum at Key Stage 3: __________________________ __________________ __________________________ __________________

Teagasctar Béarla trí mheán an Bhéarla agus theagasctar na hábhair eile trí mheán na Gaeilge (an sprioctheanga), de réir an dea-chleachtais.

English is taught through the medium of English and the other subjects are delivered through the medium of Irish (the target language) in line with best practice.

Is é an sprioc atá againn in Eochairchéim 3 ná dúil san fhoghlaim a spreagadh sna daltaí agus a rannpháirtíocht ghníomhach a spreagadh tríd an churaclam uilig. Creidimid go dtugann curaclam Eochairchéim 3 an deis do na daltaí agus don fhoireann a fhiosrú cén dóigh a bhfoghlaimíonn na daltaí, cad iad na réimsí spéise atá acu agus cad iad na hábhair is fearr leo. Is in EC3 a leagtar dúshraith a bhforbartha oideachasúla agus cuirtear béim ar an litearthacht, an uimhearthacht agus ar scileanna TFC.

At Key Stage 3 our goal is to instil a love of learning in the pupils and encourage their active participation across the curriculum. We believe that the Key Stage 3 curriculum offers the opportunity for students and staff to explore how pupils learn, where their interest lies and what subjects they enjoy most. The foundation to their educational development is laid down at Key Stage 3 and emphasis is placed on literacy, numeracy and ICT skills. _____________________________________ _______________________ ______________

Toisc gur scoil bheag muid, tá ar ár gcumas:

  • Bheith nuálaíoch agus solúbtha sa dóigh a riartar an curaclam;
  • Ábhair a ghrúpáil le chéile leis an fhoghlaim a éascú trí théamaí traschuraclaim;
  • An t-amchlár a oiriúnú le béim a chur ar réimsí foghlama ar leith ag amanna ar leith den bhliain le go mbeidh buntáiste na hidirnascachta sa churaclam ag na daltaí;
  • Teagasc foirne a chur ar fáil le tacú leis na príomhréimsí – Uimhearthacht, Litearthacht agus Teicneolaíocht Faisnéise & Cumarsáide;
  • Múinteoirí a bheith freagrach as roinnt réimsí ábhair, rud a fhágann go gcaitheann na múinteoirí níos mó ama le grúpaí ranga beaga;
  • Deis a thabhairt do na múinteoirí aithne den scoth a chur ar na páistí ar bhonn duine le duine, agus dá réir sin a mbuanna indibhidiúla agus na réimsí ina bhfuil tacaíocht de dhíth orthu a aithint.

The small nature of our school allows us:

  • To be innovative and flexible in the way in which the curriculum is delivered;
  • To group subjects together to facilitate learning by cross-curricular themes;
  • To adjust the timetable to weight particular areas of learning at specific time of the year allowing students to experience the connectivity in the curriculum;
  • To provide team-teaching to support the key areas of Numeracy, Literacy and Information Communications & Technology;
  • Teachers are responsible for a number of subject areas which results in staff spending more time with the small class groups;
  • Teachers get to know the children extremely well on a one-to-one basis and identify their individual strengths and areas where they need support. __ _________________________________ _________ ________________________

No events found
10-Ean-2024
Tá fáilte roimh thuismitheoirí / chaomhnóirí pháistí Rang 7 nach féidir freastal ar an lá oscailte teacht chuig an scoil Dé Máirt 16ú Eanáir idir 6-7 in. Parents/guardians of P7 children who are unable to attend the Open Day are welcome to visit the
Caisleán Dhún Geimhin, Dún Geimhin, Co Dhoire, BT47 4LF.
028 7774 1015
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste Dhoire