Gaelcholáiste Dhoire

Cianfhoghlaim - Scoth na hoibre!

Our most recent period of remote learning began in January 2021 and the school put the lessons previously learnt to good use. Google classroom is the main platform used for online learning and all students, teachers and classroom
29-Eanáir-21

Tá foireann na scoile cleachtaithe anois leis an chianfhoghlaim, na dúshláin a bhaineann leis agus fosta, na deiseanna a chuireann sé ar fáil. Úsáideann an scoil Google Classroom agus bíonn ranganna beo ar líne ar fáil do na daltaí uilig fosta. Ní bhíonn an bhéim chéanna ag scoileanna eile ar ranganna beo ach mhothaigh muid go raibh sé tábhachtach go mbeadh deis ag na daltaí, go háirithe ag bun na scoile, an Ghaeilge a chloisteáil gach lá agus go mbeadh deiseanna acu í a labhairt chomh maith. Mheas muid, mar sin, go raibh sé tábhachtach i gcás s’againn féin go gcuirfear na deiseanna seo ar fáil do na daltaí uilig sa scoil.

Thug tuismitheoirí aischothú an-dearfach dúinn ón chéad tréimhse dianghlasála fosta. Mhothaigh siad go raibh daltaí níos sona nuair a bhí deis acu caidreamh a choinneáil lena múinteoirí agus lena gcomhdhaltaí trí na ranganna beo. Tugann na ranganna struchtúr don lá chomh maith agus ní minic go mbíonn daltaí ábalta fanacht sa leaba!! Seo roinnt samplaí den obair iontach a bhí idir lámha ag ár ndaltaí le linn na míosa - cé nach raibh muid ar scoil le chéile, bhí daltaí GCD ag foghlaim leo.


Our most recent period of remote learning began in January 2021 and the school put the lessons previously learnt to good use. Google classroom is the main platform used for online learning and all students, teachers and classroom assistants have been trained in its use. Our online lessons have also begun with all pupils required to attend between 3 and 5 lessons per day.

An intranet website has been launched for pupils which offers help and assistance on changing passwords, accessing online classes and getting the most of Google Classroom and while we aim to ensure the continuity of learning during the weeks of remote learning, we are also working to ensure that pupils have the opportunity to interact with their peers socially and keep the School community together.

No events found
10-Ean-2024
Tá fáilte roimh thuismitheoirí / chaomhnóirí pháistí Rang 7 nach féidir freastal ar an lá oscailte teacht chuig an scoil Dé Máirt 16ú Eanáir idir 6-7 in. Parents/guardians of P7 children who are unable to attend the Open Day are welcome to visit the
Caisleán Dhún Geimhin, Dún Geimhin, Co Dhoire, BT47 4LF.
028 7774 1015
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste Dhoire