Gaelcholáiste Dhoire

Folúntais Mhéan Fómhair 2024

07-Márta-24

FOLÚNTAIS Mheán Fómhair 2024

Is meánscoil lán-Ghaeilge é Gaelcholáiste Dhoire a bunaíodh in 2015 agus atá ag fás agus ag forbairt. Tá Múinteoirí á lorg ag an Ghaelcholáiste don scoilbhliain 2024-25.


1. Múinteoir Eolaíochta go EC4 Ceapacháin bliana, le féidearthacht go ndéanfaí buan é.
2. Múinteoir Béarla go EC4 Ceapacháin bliana, le féidearthacht go ndéanfaí buan é.
3. Múinteoir Mata go EC5 Ceapacháin bliana, le féidearthacht go ndéanfaí buan é.


Múinteoir Lánaimseartha

Critéir riachtanacha


• Cáilithe mar mhúinteoir agus cláraithe le Comhairle Ghinearálta Teagaisc Thuaisceart na hÉireann (GTCNI) faoin am a dtosófaí sa phost
• Ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa
• In ann, trí cháilíocht nó trí thaithí chuí, Eolaíocht, Mata nó Béarla a theagasc ag an Eocharchéim luaite san fhógra thuas
• In ann, trí cháilíocht nó trí thaithí chuí, dhá ábhar a theagasc ag Eochairchéim 4


Critéir inmhianaithe:


• In ann, trí cháilíocht nó trí thaithí chuí, ábhar amháin ar a laghad a theagasc ag EC5
• In ann, trí cháilíocht nó trí thaithí chuí, ábhar amháin ar a laghad ó Liosta A thíos a theagasc
• Taithí ag teagasc i scoil tumoideachais
• Taithí ag déanamh soláthair do shainriachtanais oideachais
• Bheith in ann cur le himeachtaí seach-churaclaim na scoile


Déanfar measúnú ar chumas Gaeilge scríofa agus labhartha an iarratasóra le linn an phróisis earcaíochta.


Beidh sé de cheart ag an phaineál ceapacháin na critéir inmhianaithe a chur i bhfeidhm nó iad a bhreisiú chun an gearrliostú a éascú.
Cé gur conradh bliana atá sna poist thuas, coinníonn Bord Gobharnóirí Ghaelcholáiste Dhoire de cheart acu féin Conradh Buan a bhronnadh ar iarratasóir ag brath ar an taithí agus ar na cáilíochtaí atá aige/aici.
Coinníonn Bord Gobharnóirí Ghaelcholáiste Dhoire de cheart acu féin dualgais Comhordaitheora (1 phointe) a bhronnadh ar iarratasóir ag brath ar an taithí agus ar na cáilíochtaí atá aige/aici.
Déanfar múinteoirí a cheapadh bunaithe ar riachtanais ábhair na scoile.

Liosta A: D’fháilteodh Gaelcholáiste Dhoire go háirithe roimh iarratasóirí ar féidir leo na hábhair seo a leanas a theagasc mar dara ábhair: Béarla, Eolaíocht, Mata, Spáinnis, Ábhair Ghinearálta, Staidéir Ghnó agus Stair.

Tá poist a bhaineann le hobair in institiúidí oideachasúla faoi réir fhorálacha an Ordaithe um Chosaint Páistí agus Daoine Fásta Leochaileacha (TÉ) 2007.


Is féidir na critéir, foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le hoifig na scoile: info@gcd.doire.ni.sch.uk nó 028 777 41015


Dáta deiridh le haghaidh iarratais: 14.00 - 21 Márta 2024


NÍ GHLACFAR LE hIARRATAIS MHALLA


Agallaimh:
Múinteoirí: 28 Márta 2024

No events found
10-Ean-2024
Tá fáilte roimh thuismitheoirí / chaomhnóirí pháistí Rang 7 nach féidir freastal ar an lá oscailte teacht chuig an scoil Dé Máirt 16ú Eanáir idir 6-7 in. Parents/guardians of P7 children who are unable to attend the Open Day are welcome to visit the
Caisleán Dhún Geimhin, Dún Geimhin, Co Dhoire, BT47 4LF.
028 7774 1015
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2024 Gaelcholáiste Dhoire