Bhí lá lán le bród agus le brón againn i nGaelcholáiste Dhoire inniu. D'fhág muid slán le scoláirí Bhliain 14 don uair deireanach. Is grúpa misniúil, cróga, ceannródaíoch iad a bhunaigh an Gaelcholáiste agus tá pobal na scoile faoi chomaoin acu as an eiseamláir atá tugtha acu do dhaltaí uile na scoile. Ní bheidh a leithéidí arís ann!
It was a bittersweet day in Gaelcholáiste Dhoire today as we bade farewell to our Year 14 students for the final time before they begin their exams. The school community is forever indebted to this group of brave, promising and pioneering young adults, who founded the school seven years ago, for their courage in choosing Gaelcholáiste Dhoire, and serving as role models for all our students from their first day. There'll never be their likes again!