Tháinig Bus Sábháilteachta Translink chun na scoile le ceardlann a dhéanamh le BL8.
D’fhoghlaim na daltaí an tábhacht a bhaineann le crios sábhála a chaitheamh, fáthanna a bhfuil teilifís ciorcad iata ar na busanna agus pléadh iompar frithshóisialta, loitiméireacht agus an tionchar a imríonn a leithéid ar shaol daoine óga. Rinneadh plé ar bhéasaíocht, ag léiriú measa ar phaisinéirí eile, áit chuí do mhálaí scoile agus an dóigh le dul ar bord agus teacht amach as an bhus go sábháilte. Is cinnte gurbh fhiúntach an t-am a chaith na ranganna uilig ar an bhus agus bhí iontas orthu go raibh Gaeilge ag duine de lucht traenála Translink - tá súil againn nach fada go mbeidh comharthaíocht dhátheangach ar bhusanna an cheantair chomh maith!
Translink welcomed Year 8 pupils aboard the Safety Bus during a recent visit to the Castle. Pupils were educated on the safety features of buses including the importance of wearing seatbelts as well as being given sound advice on general bus etiquette, such as respecting other passengers and safely boarding and alighting a bus.